Tionscnóir Díolachán

Published on Thursday, February 02, 2023

Turais DoDublin 

An bhfuil paisean agat i ndíolacháin agus an mbaineann tú taitneamh as casadh le daoine? Is fiú duit bheith mar chuid d’fhoireann dhinimiciúil Thurais Fámaireachta DoDublin.

Tá daoine atá dírithe ar dhíolacháin agus atá díograiseach agus cairdiúil á lorg ag Bus Átha Cliath chun obair taobh amuigh mar chuid den fhoireann promóisin agus díolachán do na Turais Fámaireachta íocónacha.

Mar cheannairí sa mhargadh turasóireachta - bhain Turais Fámaireachta DoDublin deimhnithe sármhaitheasa Trip Advisor amach idir 2011 agus 2019 agus leanann sé ag dul i méid sa limistéar seo.

Oibrímid i dtimpeallacht an-iomaíoch agus teastaíonn daoine uainn atá muiníneach, athléimneach, solúbtha, agus féinsreagtha - duine ar féidir leo idirchaidreamh gníomhach a dhéanamh le daoine agus ar féidir leo obair mar chuid den fhoireann Díolachán agus Promóisin.

Bunófar na poist i gceantar Bhaile Átha Cliath, agus oibreofar i Lár na Cathrach. Is féidir le sealanna a bheith idir 4 agus 6 huaire an chloig ar fad, idir 9am agus 5pm, ó Luan go Domhnach. 

Ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas ag an iarrthóir idéalach:

  • Taithí roimhe seo ar dhíolacháin atá dírithe ar spriocanna agus ar sheirbhís do chustaiméirí i dtimpeallacht iomaíoch 
  • Taithí a bheith ar airgead tirim a láimhseáil
  • Eolas maith a bheith ar sheirbhísí agus táirgí DoDublin
  • Eolas maith a bheith ar Chathair Bhaile Átha Cliath agus iompar poiblí
  • Cur chuige solúbtha a bheith i leith oibre
  • Bheith ar fáil chun obair idir an Luan agus an Domhnach agus sealobair a dhéanamh 
  • Líofacht a bheith acu sa Bhéarla a thuiscint, a labhairt agus a scríobh
  • Bheith toiliúil chun obair i dtimpeallacht taobh amuigh 

Tá eolas comhráiteach i dteanga amháin nó níos mó inmhianaithe.

Cuirfear conradh íosta 15 huaire sa tseachtain ar tairiscint d’iarrthóirí rathúla agus beidh an deis ar fáil obair a mhéid le 39 uair an chloig bunaithe ar riachtanas oibríochtúil. Cuirfear conradh tosaigh trí mhí ar tairiscint d’iarrthóirí rathúla. Is féidir conarthaí a shíneadh tar éis a chinntiú go bhfuil an fheidhmíocht sásúil agus go ndearnadh athbhreithnithe.

Is éard a bheidh sa ráta pá d’iarrthóirí rathúla €13.20 san uair. 

Is féidir iarratais a dhéanamh trí do CV agus litir chumhdaigh a sheoladh ar ríomhphost chuig jobs@dublinbus.ie agus an teideal seo a leanas a scríobh i dteideal an ábhair: Foireann Díolachán agus Promóisin 

Dáta deiridh: Dé Domhnaigh 5 Márta 2023

Déanfar gearrliostú.

Fostóir comhdheiseanna is ea Bus Átha Cliath
Coinneáil sonraí agus do chearta dlíthiúla
Coimeádfar iarratais ar feadh 18 mí ar aon dul lenár mBeartas Coinneála Sonraí Chun do chearta a fheidhmiú faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2018, seol ríomhphost, le do thoil, chuig dataprotection@dublinbus.ie

Route Planner
Travelling From
Going To
Plan My Route

Timetables
Search by
Search by route
Search by
Search by place