Tiománaithe Bus

Published on Friday, January 27, 2023

Tá Tiománaithe Bus á bhfostú againn! Má tá ceadúnas gluaisteáin agat, is féidir iarratas a dhéanamh inniu.

Riachtanais Íosta:

Iarratasóirí a bhfuil Ceadúnas Gluaisteáin acu 

  • Ceadúnas bailí gluaisteáin Éireannach Chatagóir B (ar feadh ar a laghad 2 bhliain) gan aon droimscríobhanna a bheith air

Iarratasóirí a bhfuil Ceadúnas Bus acu

  • Ceadúnas iomlán Éireannach Chatagóir D
  • Cárta bailí cáilíochta tiománaí cothrom le dáta, catagóir D (cárta Deimhnithe Inniúlachta Gairmiúla (CPC))
  • Cóip chothrom le dáta ón Tairseach Tiománaithe CPC ar líne mar chruthúnas go bhfuil do CPC cothrom le dáta. Téigh go dtí www.rsa.ie, cliceáil ar Thiománaithe Gairmiúla, cliceáil ar CPC Tiománaí agus cliceáil ansin ar Mo CPC.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach ndéanfar breithniú ar d’iarratas mura sásaíonn tú na critéir íosta.

Léigh, le do thoil, an bhileog eolais d’iarratasóirí tiománaithe bus go cúramach sula gcuireann tú isteach ar an ról, is féidir é seo a fháil anseo.

Tuarastal:
€815.30 sa tseachtain a mhéadóidh aníos go €943.99 (scála pá sé bliana, seachtain 5 lá, préimh sealoibre agus obair Dhomhnaigh san áireamh)

Sealanna: Oibreoidh tiománaithe nua seirbhísí sceidealaithe thar sheachtain 5 lá agus beidh sealanna rothlacha acu (seirbhís oíche san áireamh).

Oiliúint: Cuirtear oiliúint agus meantóireacht tosaigh ar fáil anuas ar oiliúint agus forbairt leanúnach (CPC tréimhsiúil san áireamh).

Tairbhí: Cuirfimid réimse fairsing tairbhí ar tairiscint duit ar do cheapadh (tar éis tréimhse phromhaidh 12 mhí), scéim pinsin cuideachta nó scéim pinsin CCSP, scéim fhóirdheonaithe leighis, saorthaisteal bus agus taisteal lamháltais iarnróid san áireamh.

Conas Iarratas a Dhéanamh 
Le hiarratas a dhéanamh, cliceáil an nasc seo a leanas, le do thoil; Suíomh Ríomhearcaíochta Bhus Átha Cliath

Cliceáil an cnaipe “Cuardaigh” ag bun an leathanaigh. Cliceáil “Tiománaí Bus Gairmiúil”.

Má bhíonn fadhbanna agat d’iarratas ar thiománaí bus a sheoladh ar líne, déan teagmháil, le do thoil, le busdriverrecruitment@dublinbus.ie agus cuirfimid cabhair ar fáil duit chun d’fhoirm iarratais a sheoladh.

De rogha air sin, is féidir leat iarratas a dhéanamh trí fhoirm iarratais PDF a líonadh; Cliceáil anseo. Le hiarratas a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an iarratas PDF, lean na céimeanna thíos;
1. Oscail an fhoirm, íoslódáil an t-iarratas i bhformáid PDF agus sábháil an t-iarratas ar do dheasc.
2. Seol d’fhoirm iarratais líonta trí úsáid a bhaint as an gcnaipe ‘seol’ ag bun na foirme nó sábháil an fhoirm agus seol ar aghaidh í i ríomhphost chuig busdriverrecruitment@dublinbus.ie

Ní phróiseálfar iarratais nach ngabhann scanadh de na cáipéisí riachtanacha leo (ceadúnais, cártaí CPC etc.).  

Déanfar gearrliostú.

Is é an spriocdháta d’iarratais Dé Luain 31 Iúil 2023.

Coinneáil sonraí agus do chearta dlíthiúla:
Coimeádfar iarratais ar feadh 18 mí ar aon dul lenár mBeartas Coinneála Sonraí  chun do chearta a fheidhmiú faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2018, seol ríomhphost, le do thoil, chuig  dataprotection@dublinbus.ie 

Fostóir comhdheiseanna is ea Bus Átha Cliath.

Route Planner
Travelling From
Going To
Plan My Route

Timetables
Search by
Search by route
Search by
Search by place